← Bhí circín beag rua ann agus bhí cónaí uirthi i dteach beag cluthar agus ba í a choimeádadh an áit chomh glan le scilling. 🔊
← Bhí saol an mhadaidh bháin aici go dtí gur chuala sí madra rua in aice an tí. 🔊
← Lean an madra rua ag teacht timpeall na háite ag iarraidh breith uirthi ach theip air go ceann i bhfad. 🔊
← Lá amháin, áfach, rinne an circín rua dearmad an doras a dhúnadh agus chomh luath agus a fuair an madra rua a sheans isteach leis sa teach. 🔊
← Nuair a chonaic an circín é agus é ag déanamh uirthi, d'eitil sí in airde ar cheann de na rachta agus cheap sí go raibh sí saor ó bhaol. 🔊
← Thosaigh an madra rua ag rith timpeall na cistine agus bhí an circín ag coimeád súil ghéar air agus ag casadh a cinn de réir mar a bhí sé ag dul timpeall. 🔊
← Ní tuisce a bhí sí thíos ná sháigh an madra rua í isteach i mála a bhí aige agus cheangail sé go daingean é. 🔊
← Chaith sé an mála suas ar a dhroim agus as go brách leis i dtreo a thí féin. 🔊
← Bhí an lá brothallach agus nuair a tháinig sé chomh fada le barr an chnoic bhí sé tugtha traochta. 🔊
← Luígh sé siar, bolg le grian, agus d'fhág sé an mála tamall beag uaidh. 🔊
← Nuair a chuala an circín na sranna uaidh thuig sí conas mar a bhí an scéal. 🔊
← "Anois an t-am agam," ar sise léi féin. 🔊
← Thosaigh sí ag scríobadh ar an mála agus ghearr sí poll ann. 🔊
← Rug sí ar chloch mhór a bhí in aice láimhe agus gan aon torann a dhéanamh chuir sí an chloch isteach sa mhála agus dhún sí an poll sa mhála le dealg. 🔊
← Bhí sé anonn go maith sa lá faoin am ar dhúisigh an madra rua. 🔊
← Bhí a mháthair ina seasamh ag an doras agus bhí ionadh a croí uirthi nuair a thug sí faoi deara an t-ualach mór a bhí aige. 🔊
← Bhí corcán mór uisce os cionn na tine aici agus d'oscail an madra rua a mhála chun an circín a chaitheamh isteach ann. 🔊
← Nach air a bhí an fhearg nuair a thuig sé an bob a bhí buailte ag an gcircín air! 🔊